Skip to main content
TAXEDU

Cáin

 

Sainmhíniú agus cineálacha

Íoctar cáin i bhfoirmeacha éagsúla, ach is airgead é a bhailíonn an rialtas i ngach cás. Úsáidtear an t-airgead seo ansin chun áiseanna agus seirbhísí ar leith a mhaoiniú, mar shampla ospidéil, scoileanna, músaeim, leabharlanna, srl. Is iad seo a leanas na cánacha a ghearrtar ar dhaoine aonair de ghnáth:
  • cáin ioncaim: céatadán de thuilleamh an duine a thugtar don rialtas;
  • cáin tomhaltais: sin CBL (Cáin Bhreisluacha) agus dleachtanna máil ar thobac, alcól, táirgí fuinnimh agus roinnt earraí ar leith, ar nós caife sa Ghearmáin;
  • cáin mhaoine: bunaithe ar luach shócmhainní talún agus maoine;
  • taraifí/dleachtanna custam: cáin ar earraí iompórtáilte atá ceaptha tacú le gnólachtaí náisiúnta
  • dleachtanna máil: cáin indíreach a ghearrtar ar earraí áirithe nuair a dhíoltar iad;
  • cáin chomhshaoil: costas breise a chuirtear le praghas táirgí nó gníomhaíochtaí truaillithe a cheannach nó a úsáid, a dhíspreagann a gceannach agus a n-úsáid;
  • gnóthachain chaipitiúla: (cineál cánach a ghearrtar ar ghnóthachain chaipitiúla, brabúis a fhaigheann infheisteoir nuair a dhíoltar sócmhainn chaipitiúil ar phraghas atá níos airde ná an praghas ceannaigh);
  • cáin oidhreachta: cáin a íoctar ar airgead nó maoin a fhaigheann duine le huacht ó dhuine eile tar éis don dara duine bás a fháil.
Díreach isteach sa bhuiséad náisiúnta a théann an cháin a bhailítear, ach i gcás taraifí agus dleachtanna máil, bailítear iad i dtíortha éagsúla ach is isteach i mbuiséad AE a théann siad.

Táim ag tosú san
ollscoil ...

  •  
  •  
  •  

Tá mo
chéad phost agam ...

  •  
  •  
  •  


gnó á bhunú agam ...

  •  
  •  
  •  
 
Mar shaoránach de chuid an Aontais, tá tú i dteideal cúrsa staidéir a dhéanamh in aon ollscoil AE (ar choinníoll go gcomhlíonann tú na riachtanais iontrála). Braithfidh cibé an mbeidh táille mic léinn le híoc agat ar an méid maoinithe a thugtar d'ollscoileanna as airgead cáiníocóirí na tíre sin. Mar shampla, ní ghearrtar aon táille as freastal ar ollscoil in Albain, ach san Iodáil, bíonn táillí le híoc (na hollscoileanna féin a shocraíonn méid na dtáillí).
 
Faigh amach tuilleadh faoi chóras gach tíre anseo.
 
An bhfuair tú an post a bhí uait? Comhghairdeas! Mar is eol duit, b'fhéidir, tosaíonn tú ag íoc cáin ioncaim, bunaithe ar d'ioncam, nuair a thosaíonn tú ag obair.

Féadfaidh an tír ina bhfuil cónaí ort chun críocha cánach cáin a ghearradh ar d'ioncam ó gach cearn den domhan, idir ioncam thuillte agus ioncam neamhthuillte. Áirítear air seo pá, pinsin, sochair, ioncam ó mhaoin nó ó aon fhoinse eile, nó gnóthachain chaipitiúla ó mhaoin a dhíol.

Sainmhíníonn gach tír cónaí chun críoch cánach ar a slí féin:
Is gnách féachaint ort mar chónaitheoir cánach sa tír ina gcaitheann tú os cionn sé mhí den bhliain;
Má chaitheann tú faoi bhun sé mhí i dtír AE eile, is gnách duit cónaí chun críoch cánach a bheith agat i do thír bhaile.
 
Faigh amach anseo conas a oibríonn cáin ioncaim, má chaitheann tú am i níos mó ná tír AE amháin.
 
Comhghairdeas! Tá níos mó fiontraithe de dhíth ar an Eoraip! Tá sé níos fusa anois ná mar a bhíodh cuideachta a bhunú san Aontas Eorpach. Ná gá ach na hoibleagáidí cánach a sheiceáil –uimhir CBL a iarraidh, mar shampla.

 

 

 

Calaois chánach agus imghabháil cánach

 
 
Nuair a shocraíonn duine nó cuideachta gan an cháin cheart a íoc, cailltear an t-airgead ó bhuiséid phoiblí. Tarlaíonn sé seo nuair a shocraíonn duine nó cuideachta:
 

faisnéis bhréige a chur ar fáil d'aon turas i ndearbhú cánach, nó méid níos lú ná an méid iomlán a íoc;

 

airgead a stóráil i gcuntais bhainc eachtracha gan é a thuairisciú ná cáin a íoc air;

 

'pleanáil chánach ionsaitheach' a dhéanamh trí leas a bhaint as teorainneacha an dlí chun billí cánach a íoslaghdú.

Cad é an toradh air sin?

Cuireann calaois chánach agus imghabháil cánach teorainn le cumas tíre chun airgead a bhailiú agus beartais eacnamaíocha agus sóisialta a chur i bhfeidhm. D'fhéadfadh ciorruithe ar chistiú do sheirbhísí poiblí amhail cúram sláinte nó oideachas leanúint as.

Mo rialtas agus an tAontas Eorpach
céard a dhéanann gach ceann acu?

Is faoi thíortha aonair atá sé calaois chánach agus imghabháil cánach a throid. Mar sin féin, agus an domhan ag éirí níos domhandaithe i gcónaí, cuireann an tAontas creat agus tacaíocht ar fáil chun déileáil le saincheisteanna cánach trasteorann. Éascaíonn reachtaíocht AE comhoibriú idir údaráis náisiúnta cánach, mar shampla.

Faigh amach conas a throideann an tAontas in aghaidh calaois chánach agus imghabháil cánach.

‘Tax Fraud and Tax Evasion EU: The missing part' (Calaois Chánach agus Imghabháil Cánach: An chuid atá ar iarraidh): féach ar an bhfíseán.

 

 

 

Góchumadh

 
Foghlaim conas táirgí bréige a sheachaint

Cinntíonn Cearta Maoine Intleachtúla (CMI) go bhfaigheann daoine luach saothair as iarrachtaí chun rudaí nua a chruthú agus go spreagtar infheistíocht i dtáirgí nua agus i dtáirgí níos éifeachtúla. Spreagann siad cruthú post i ngeilleagar faisnéisbhunaithe an lae inniu.

 

Déanann sáruithe CMI dochar de bhrí go laghdaíonn siad ioncam gnó agus rialtais, tachtann siad infheistíocht agus nuálaíocht agus cuireann siad bac ar fhás eacnamaíoch. Cailltear poist dá mbarr agus laghdaítear cruthú rachmais (Olltáirgeacht Intíre nó OTI). Anuas air sin, tá an baol ann go ndéanfaidh earraí a sháraíonn CMI dochar do thomhaltóirí, de bhrí gur lú seans go gcomhlíonann siad caighdeáin sláinte agus sábháilteachta.

Treoir ar líne maidir le conas earraí bréige a shainaithint..

Tá údaráis chustam Bhallstáit AE ar an líne thosaigh ó thaobh cosc a chur le hearraí a sháraíonn Cearta Maoine Intleachtúla (CMI) ó dhul isteach i margadh AE. Faigh amach tuilleadh faoi chreat reachtaíochta AE.

The real price of fake goods ’ (An fíorchostas atá ar earraí bréige): féach ar an bhfíseán.

 

 

ENRanna,
fondúireachtaí,
bronntanais charthanacha
 

I dtíortha áirithe, nuair a thugann airgead d'eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), d'fhondúireachtaí nó do charthanais – sa raon ó eagraíochtaí a mhaoiníonn taighde leighis go heagraíochtaí a chothabhálann foirgnimh oidhreachta – is féidir leat faoiseamh cánach a fháil.

 

Tá an Bheilg agus an Rómáin i measc na dtíortha sin inar féidir leat bronntanais charthanacha a lua ar do dhearbhú cánach ag deireadh na bliana. Aisíoctar leat cuid den airgead a bhronn tú (ar choinníoll gur ar charthanas cláraithe a bhronn tú é).

Fíricí agus figiúirí ó áiteanna éagsúla san Aontas Eorpach

  • In 2015, ba ionann an t-ioncam cánach (ranníocaíochtaí sóisialta san áireamh) sna 28 tír AE agus 40 % den Olltáirgeacht Intíre (luach airgeadaíochta gach earra críochnaithe agus seirbhís a tháirgtear laistigh de theorainn tíre laistigh de thréimhse ama ar leith), agus as cáin a tháinig timpeall 89 % d'ioncam iomlán rialtais.
  • San Eoraip, bhí an coibhneas idir ioncam cánach 2015 agus OTI ab airde ag an Fhrainc (47.9 % den OTI), ansin ag an Danmhairg (47.6 %) agus an Bheilg (47.5 %). Ag Éirinn (24.4 %), an Rómáin (28.0 %), an Bhulgáir (29.0 %), an Liotuáin (29.4 % ), an Laitvia (29.5 %) agus an Eilvéis (28.1 %) a bhí na sciartha ab ísle. Faigh na torthaí i gcás gach tír Eorpach anseo.
  • Athraíonn ioncam ó cháin ó bhliain go bliain. Is iad na príomhchúiseanna leis sin athruithe ar ghníomhaíocht gheilleagrach (leibhéil fostaíochta, díol earraí agus seirbhísí, srl.) agus ar reachtaíocht chánach (rátaí cánach, an bonn cánach, tairsí, díolúintí, srl.).
  • Bhí tionchar ollmhór ag an ngéarchéim eacnamaíoch – agus ag na bearta a rinneadh faoin mbeartas fioscach – ar leibhéal agus comhdhéanamh an ioncaim ó cháin idir 2009-2015. B'éigean do thíortha áirithe caiteachas a laghdú dá réir.
  • Íocann tú cáin nuair a cheannaíonn tú ticéad i gcrannchur náisiúnta! Tá cáin curtha ag tíortha áirithe, an Iodáil, mar shampla, ar thicéid chrannchuir.