Skip to main content
TAXEDU

About TAXEDU ga

Cad is ábhar don láithreán gréasáin seo?

As an dá fhocal ‘Tax’ (Cáin) agus ‘Education’ (Oideachas) a fhaightear ainm na tairsí seo – TAXEDU.

Is treoirscéim de chuid an Aontais Eorpaigh é TAXEDU. Is é is aidhm leis oideachas a chur ar shaoránaigh Eorpacha óga faoin gcánachas agus a thionchar ar a saoil.

Dírítear eolas oiriúnaithe sa tairseach ar thrí aoisghrúpa ar leith:

  • Leanaí: míniú ar an rud is cáin ann agus conas a bhaineann daoine tairbhe as cáin gach lá. Gheofar sa roinn seo fíricí spraíúla agus fíricí nach mbeadh coinne agat leo faoi chúrsaí cánach ó gach cearn den Eoraip chun an fhoghlaim a dhéanamh spraíúil. Tá an fhoclaíocht simplí agus sothuigthe.
  • Déagóirí: cur síos ar an rud is cáin ann agus ar na tairbhí don saol laethúil. Tá níos mó sonraí sa roinn seo ná i roinn na bpáistí, mar aon le samplaí nithiúla a oireann d'ábhair spéise déagóirí (ceol a íoslódáil, rudaí a cheannach ar líne, srl.).
  • Aosaigh óga: faisnéis atá bainteach leis an gcéim seo den saol agus daoine óga ag bogadh isteach i saol an duine fhásta (an gá dóibh cáin a íoc má thosaíonn siad ar an ollscoil, má sheolann siad a ngnó féin, má oibríonn siad i dtír eile, srl.).

Cuirtear eolas ar fáil trí chluichí, ábhar ríomhfhoghlama agus trí ghearrthóga micreafhoghlama ionas gur féidir le hEorpaigh óga foghlaim faoi na foirmeacha éagsúla cánach, agus faoi fhadhbanna cánach (calaois cánach, imghabháil cánach, srl.) ar shlí a bheidh tarraingteach agus spraíúil.

Gheofar i gcúinne na múinteoirí acmhainní, leideanna agus cleasa chun cúrsaí cánach a mhúineadh.

Cuspóirí an tsuímh ghréasáin?

Is iad cuspóirí thairseach ghréasáin TAXEDU:

  • cur leis an oideachas airgeadais do shaoránaigh óga Eorpacha;
  • imghabháil agus calaois cánach ar fud na hEorpa a laghdú, trí eolas agus oideachas níos fearr faoin réimse seo;
  • eolas a chur ar fáil do shaoránaigh Eorpacha ar na seirbhísí agus na háiseanna a chuirtear ar fáil as airgead cánach (oideachais, cúram sláinte, srl.)

Cé muid féin?

Ba iad Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custam) a bhí i gceannas ar an tionscadal ar dtús agus bhí údaráis chánach náisiúnta rannpháirteach ann. Níos tábhachtaí ná haon rud eile, chuathas i gcomhairle le hEorpaigh óga fad a bhí an láithreán seo á fhorbairt agus thug siad aiseolas ar an ábhar foghlama a bhí air. D'fhéach an tionscadal le raon leathan ábhair oideachasúil a sholáthar ar thacaíochtaí difriúla, líonra tionscnóirí a chruthú agus feachtas cumarsáide a chur i gcrích le hábhair faisnéise éagsúla a chruthú chun glacadh náisiúnta a éascú. A luaithe a cuireadh an tionscadal ar fáil don phobal, is é DG TAXUD agus na hÚdaráis Náisiúnta Cánach trí theagmhálaithe ainmnithe

atá i mbun chothabháil an láithreáin, an ábhair oideachasúil, agus na bhfeachtas leanúnach cumarsáide.

Conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn?

I gcás ábhair agus ceisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach, moltaí faoin láithreán, gearáin nó aon cheist eile, déan teagmháil leis an gCoimisiún Eorpach, DG TAXUD ar taxedu@b-train3.eu.
I gcás ceisteanna maidir leis an ábhar náisiúnta, féach Liosta Teagmhálaithe na nÚdarás Cánach.
 

Ach cliceáil ar na naisc íoslódála, gheofar: