Má cheannaíonn tú earraí ar líne ó thír eile, is féidir go mbeidh ort dleacht chustam a íoc, ag brath ar cá háit ar cuireadh na hearraí sa phost.
Ní ghearrtar dleachtanna custam ar earraí a thagann ó laistigh den Aontas Eorpach. Má cheannaíonn tú táirge ó thír nach tír AE í, is iompórtálaí thú sa chás sin. Ciallaíonn sin go gcaithfidh tú dleacht mháil agus chustaim a íoc, chomh maith le CBL.
Is cáin é Dleacht Chustam a ghearrtar ar earraí a iompórtáiltear agus a easpórtáiltear.
Is éard is tír nach tír AE í gach tír taobh amuigh de na tíortha seo: an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, Poblacht na Cipire, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn