Cé a bhailíonn cánacha agus cén fáth?
Aidhm:
Ba chóir d'fhoghlaimeoirí ról na n-údarás cánach i ngach Ballstát a thuiscint agus conas a chaitear ioncam ó cháin ar infheistíochtaí mórluachmhara agus ar sheirbhísí poiblí ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon, rud a chinntíonn caighdeán saoil níos fearr do chách.
Cuspóirí:
Is ceacht foghlama féinriartha ar líne é seo. Seo an leagan amach atá air:
• An córas ginearálta cánachais a chur i láthair
• Cánacha áitiúla agus an buiséad áitiúil: samplaí agus úsáid ghinearálta na gcistí áitiúla cánach
• An buiséad náisiúnta: ról agus cineál na n-infheistíochtaí a mhaoinítear as an mbuiséad náisiúnta
• Clabhsúr
Is féidir le múinteoirí an ceacht iomlán a úsáid nó ranna den cheacht a roghnú, mar a oireann. Meastar go dtógfaidh sé 30 nóiméad ar an meán freastal ar an gceacht iomlán agus na gníomhaíochtaí teagascacha molta a ghabhann leis a dhéanamh.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
• Micrighearrthóg “Who Collects Taxes and Why?”(Cé a Bhailíonn Cánacha agus Cén Fáth?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
cánacha, córas cánachais, cánacha áitiúla, buiséad áitiúil, buiséad náisiúnta, seirbhísí poiblí, infheistíochtaí