Resources
Aidhm:
Ba chóir go dtuigfeadh foghlaimeoirí cé atá freagrach as cánacha a íoc na laethanta seo agus cad iad na príomhchatagóirí cáiníocóirí.
Cuspóirí:
• Sainaithin a riachtanaí atá sé cáin a íoc agus tionchar cánach ar fholláine pobail.
• Ainmnigh an dá phríomhchatagóir cáiníocóirí.
• Mínigh an tairbhe a bhaineann daoine as airgead cánach agus na freagrachtaí atá orthu cáin a íoc, ó óige go seanaois.
• Pléigh na cineálacha cánach a ba chóir do gach catagóir a íoc as a gcuid gníomhaíochtaí.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
• Micrighearrthóg “Who pays taxes nowadays?”(Cé a íocann cánacha na laethanta seo?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
cánacha, cáiníocóirí, pobal, ioncam, rannchuidiú sóisialta
Aidhm:
Ba chóir go dtuigfeadh foghlaimeoirí an tairbhe a bhaintear as cánacha a íoc. Ba chóir go bhfaighidís samplaí de chánacha luatha i stair na hEorpa.
Cuspóirí
• Sainaithin samplaí de chánacha luatha i stair na hEorpa agus de chánacha greannmhara ó thús aimsire.
• Mínigh cé atá i gceannas ar an airgead cánach ar fad.
• Ainmnigh duine a bhaineann tairbhe as cánacha a íoc agus cén tairbhe é sin.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine ná aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
• Micrighearrthóg “How did taxes come about?” (Conas a tháinig ann do chánacha?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir: cánacha, tairbhí, seirbhísí poiblí, seirbhísí náisiúnta.
Aidhm:
Féachtar sa ghníomhaíocht seo le tuiscint a thabhairt d'fhoghlaimeoirí ar choincheapa na cánach agus an cháineachais.
Cuspóiri:
Is ábhar foghlama féinriartha ar líne an ceacht. Seo an leagan amach atá air:
• Saintréithe cánacha
• Íocann gach duine cánacha
• An Mhaith Choiteann a Mhaoiniú
• Cad atá difriúil mar gheall ar chánacha?
• Sainmhíniú bunúsach ar cad is cáin ann
• Clabhsúr
Is féidir an ceacht a úsáid ina iomláine, nó féadfaidh múinteoirí ranna ar leith ón gceacht a úsáid, mar a oireann. Meastar gur leor 30 nóiméad ar an meán chun freastal ar an gceacht iomlán agus na gníomhaíochtaí teagascacha molta a ghabhann leis a dhéanamh.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- ábhar ginearálta amháin é seo agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí amhail dáta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair
• Micrighearrthóg “What is tax?” (Cad is cáin ann?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
cáin, cánachas
Aidhm:
Ba chóir d'fhoghlaimeoirí ról na n-údarás cánach i ngach Ballstát a thuiscint agus conas a chaitear ioncam ó cháin ar infheistíochtaí mórluachmhara agus ar sheirbhísí poiblí ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon, rud a chinntíonn caighdeán saoil níos fearr do chách.
Cuspóirí:
Is ceacht foghlama féinriartha ar líne é seo. Seo an leagan amach atá air:
• An córas ginearálta cánachais a chur i láthair
• Cánacha áitiúla agus an buiséad áitiúil: samplaí agus úsáid ghinearálta na gcistí áitiúla cánach
• An buiséad náisiúnta: ról agus cineál na n-infheistíochtaí a mhaoinítear as an mbuiséad náisiúnta
• Clabhsúr
Is féidir le múinteoirí an ceacht iomlán a úsáid nó ranna den cheacht a roghnú, mar a oireann. Meastar go dtógfaidh sé 30 nóiméad ar an meán freastal ar an gceacht iomlán agus na gníomhaíochtaí teagascacha molta a ghabhann leis a dhéanamh.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
• Micrighearrthóg “Who Collects Taxes and Why?”(Cé a Bhailíonn Cánacha agus Cén Fáth?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
cánacha, córas cánachais, cánacha áitiúla, buiséad áitiúil, buiséad náisiúnta, seirbhísí poiblí, infheistíochtaí
Aidhm:
Ba chóir go dtuigfeadh foghlaimeoirí na slite ina gcabhraíonn cánacha chun saol leanaí agus na daoine a thugann aire dóibh a fheabhsú.
Cuspóirí:
Is ceacht foghlama féinriartha ar líne é seo. Seo an leagan amach atá air:
• An tionchar díreach atá ag cánacha ar shaol leanaí
• Conas a chabhraíonn cánacha le leanaí
• Baineann gach duine tairbhe as airgead cánach
• Na torthaí mura n-íoctar cánacha
• Imghabháil cánach
• Samhlaigh saol gan cháin
• Clabhsúr
Is féidir le múinteoirí an ceacht iomlán a úsáid nó ranna den cheacht a roghnú, mar a oireann. Meastar go dtógfaidh sé 30 nóiméad ar an meán freastal ar an gceacht iomlán agus na gníomhaíochtaí teagascacha molta a ghabhann leis a dhéanamh.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
• Micrighearrthóg “Do I benefit from taxes? How?” (An mbainimse tairbhe as cánacha? Conas?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
cánacha, imghabháil cánach, cáiníocóirí
Aidhm:
Ba chóir go dtuigfeadh foghlaimeoirí na príomhchineálacha cánach atá i bhfeidhm san Aontas Eorpach.
Cuspóirí:
• Sainaithin na príomhchineálacha cánach atá i bhfeidhm i mBallstáit agus faigh tuiscint orthu.
• Tuig an difríocht idir cánacha díreacha agus indíreacha.
• Mínigh an gá atá le cáin a ghearradh ar ghníomhaíochtaí daoine aonair agus cuideachtaí.
• Sainaithin cén chatagóir is oiriúnaí do gach ceann de na samplaí léirithe.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil nó comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
• Micrighearrthóg “What kinds of taxes are there?” (Cad iad na cineálacha cánach atá ann?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
cánacha, cánacha díreacha agus indíreacha, cánacha corparáide, dleacht mháil, CBL