Skip to main content
TAXEDU

An mbainimse aon tairbhe as cánacha? Conas?

An mbainimse aon tairbhe as cánacha? Conas?

Aidhm:
Ba chóir go dtuigfeadh foghlaimeoirí na slite ina gcabhraíonn cánacha chun saol leanaí agus na daoine a thugann aire dóibh a fheabhsú.


Cuspóirí:
Is ceacht foghlama féinriartha ar líne é seo. Seo an leagan amach atá air: 

 -An tionchar díreach atá ag cánacha ar shaol leanaí 

 -Conas a chabhraíonn cánacha le leanaí 

 -Baineann gach duine tairbhe as airgead cánach 

 -Na torthaí mura n-íoctar cánacha 

 -Imghabháil cánach 

 -Samhlaigh saol gan cháin 

 -Clabhsúr
Is féidir le múinteoirí an ceacht iomlán a úsáid nó ranna den cheacht a roghnú, mar a oireann. Meastar go dtógfaidh sé 30 nóiméad ar an meán freastal ar an gceacht iomlán agus na gníomhaíochtaí teagascacha molta a ghabhann leis a dhéanamh.

Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo: 
  - is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
  - ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
  - tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ábhair:
Micrighearrthóg “Do I benefit from taxes? How?” (An mbainimse tairbhe as cánacha? Conas?)
Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD) 


Foclóir:
cánacha, imghabháil cánach, cáiníocóirí

Return to resources list