Conas a tháinig ann do chánacha?
Aidhm:
Ba chóir go dtuigfeadh foghlaimeoirí an tairbhe a bhaintear as cánacha a íoc. Ba chóir go bhfaighidís samplaí de chánacha luatha i stair na hEorpa.
Cuspóirí
Sainaithin samplaí de chánacha luatha i stair na hEorpa agus de chánacha greannmhara ó thús aimsire. Mínigh cé atá i gceannas ar an airgead cánach ar fad. Ainmnigh duine a bhaineann tairbhe as cánacha a íoc agus cén tairbhe é sin.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine ná aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
Micrighearrthóg “How did taxes come about?” (Conas a tháinig ann do chánacha?) Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir: cánacha, tairbhí, seirbhísí poiblí, seirbhísí náisiúnta.