Skip to main content
TAXEDU

Cé a íocann cánacha na laethanta seo?

Cé a íocann cánacha na laethanta seo?

Aidhm:
Ba chóir go dtuigfeadh foghlaimeoirí cé atá freagrach as cánacha a íoc na laethanta seo agus cad iad na príomhchatagóirí cáiníocóirí.

Cuspóirí:
Sainaithin a riachtanaí atá sé cáin a íoc agus tionchar cánach ar fholláine pobail. Ainmnigh an dá phríomhchatagóir cáiníocóirí. Mínigh an tairbhe a bhaineann daoine as airgead cánach agus na freagrachtaí atá orthu cáin a íoc, ó óige go seanaois. Pléigh na cineálacha cánach a ba chóir do gach catagóir a íoc as a gcuid gníomhaíochtaí.

Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo: 
  - is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
  - ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
  - tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ábhair:
Micrighearrthóg “Who pays taxes nowadays?”(Cé a íocann cánacha na laethanta seo?) Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD) 

Foclóir:
cánacha, cáiníocóirí, pobal, ioncam, rannchuidiú sóisialta

Return to resources list