Skip to main content
TAXEDU

Cánacha: cén mhaitheas domsa iad?

Cánacha: cén mhaitheas domsa iad?

Aidhm:
Beidh comhrá spéisiúil ag na foghlaimeoirí faoi chánacha agus conas an bunús atá leo a thuiscint.

Cuspóirí:
Is acmhainn úsáideach an ceacht seo ar féidir le múinteoirí é a mholadh mar ullmhúchán do rang ar Eitic. Is féidir liosta coincheap a sholáthar don fhoghlaimeoir, a chaithfidh siad a leanúint ó thús deireadh an cheachta, ar nós:
   • Cad iad saintréithe cánacha?
   • Conas a chaitear airgead cánach? Cén fáth?
   • Conas a thacaíonn tú leis an dlúthpháirtíocht shóisialta trí cháin a íoc?
   • An mar a chéile gach cáin? Cad iad na difríochtaí eatarthu?
   • Cén fáth is gá dúinn cánacha áitiúla agus náisiúnta araon a bhailiú?
   • Cé atá freagrach as cánacha a íoc?

Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo: 
  - ábhar ginearálta amháin é seo agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
  - ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
  - tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ábhair:
Cúrsa “Taxes: what is in it for me?” (Cánacha: cén mhaitheas domsa iad?)
Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD) 

Foclóir:
cánacha, cánachas, cánacha áitiúla, cánacha náisiúnta, dlúthpháirtíocht shóisialta

Return to resources list