Skip to main content

Cad iad na topaicí a chlúdaítear sna gearrthóga micreafhoghlama?

  • Cad is cáin ann?
  • Conas a tháinig ann do chánacha?
  • Cé a íocann cánacha na laethanta seo?
  • Cé a bhailíonn na cánacha agus cén fáth?
  • Cé a bhaineann tairbhe as cánacha agus conas?
  • Cad a tharlaíonn mura n-íoctar cánacha
  • Cad iad na cineálacha cánach atá ann?
  • An íocann gnólachtaí cáin?
  • Conas a ghearrtar cáin ar ioncam?
  • An féidir le cánacha cabhrú chun an comhshaol a chosaint?
  • Cad is cáin bhreisluacha ann?
  • Cé a íocann dleachta custaim?

Cad iad na cúrsaí ríomhfhoghlama?

Is giorrúchán é ‘ríomhfhoghlaim’ don ‘fhoghlaim leictreonach’, rud a chiallaíonn ríomhaire a úsáid chun cúrsa nó cuid de chúrsa a chur ar fáil – ar scoil, mar chuid d'oiliúint éigeantach nó mar chúrsa iomlán cianfhoghlama. Bíonn cúrsaí ríomhfhoghlama ar fáil 24 uair, 7 lá na seachtaine, agus tugann siad saoirse iomlán don foghlaimeoir an staidéar a dhéanamh ar a luas féin. Seo iad buntáistí na ríomhfhoghlama don bhfoghlaimeoir:

  • is féidir foghlaim ó áit ar bith;
  • ní theastaíonn ach gléas leictreonach agus rochtain ar an idirlíon;
  • ní bhíonn costais taistil i gceist de ghnáth;
  • sábhálann siad am;
  • is féidir na codanna is tábhachtaí a roghnú;
  • is féidir oiliúint a fháil ar shlí sholúbtha;
  • is cabhair iad na cluichí, míreanna fuaime agus físeáin.

Gearrthóga micreafhoghlama – céard iad seo?

Is cur chuige oideachasúil é an mhicreafhoghlaim atá ceaptha le nósanna maithe a mhúineadh ina gcéimeanna beaga. Seo na buntáistí a ghabhann leis na físeáin ghearra seo a úsáid:

  • is féidir foghlaim agus tú ag bogadh thart;
  • is féidir iad a chur ar fáil tapa go leor le léiriú a thabhairt ar thimpeallacht oibre atá ag athrú;
  • is beag iarracht a theastaíonn sna seisiúin aonair;
  • tugann siad faisnéis chruinn atá dírithe ar an ábhar;
  • bíonn na topaicí sothuigthe agus cúng.

An domsa an láithreán gréasáin seo?

Dírítear eolas oiriúnaithe sa tairseach ar thrí aoisghrúpa ar leith:

  • Leanaí: míniú ar an rud is cáin ann agus conas a bhaineann daoine tairbhe as cáin gach lá. Gheofar sa roinn seo fíricí spraíúla agus fíricí nach mbeadh coinne agat leo faoi chúrsaí cánach ó gach cearn den Eoraip chun an fhoghlaim a dhéanamh spraíúil. Tá an fhoclaíocht simplí agus sothuigthe.
  • Déagóirí: cur síos ar an rud is cáin ann agus ar na tairbhí don saol laethúil. Gheofar níos mó sonraí sa roinn seo ná sa roinn do leanaí, mar aon le samplaí nithiúla a oireann d'ábhair spéise déagóirí (ceol a íoslódáil, rudaí a cheannach ar líne, srl.).
  • Aosaigh óga: eolas a bhaineann leis an gcéim áirithe seo den saol. Daoine óga atá ag aistriú isteach i saol an duine fhásta, ní mór fios a bheith acu cibé an gá dóibh cáin a íoc nuair a thosaíonn siad ar an ollscoil, agus conas saincheisteanna cánach a bhainistiú má sheolann siad a ngnó féin, má théann siad ag obair i dtír eile, srl.).

Cén fáth an láithreán gréasáin seo?

Is é aidhm láithreán gréasáin TAXEDU eolas a thabhairt d'Eorpaigh óga mar gheall ar chánachas agus an difríocht a dhéanann sé dá saol anois agus an difríocht a dhéanfaidh sé sa todhchaí. 

Subscribe to