Is giorrúchán é ‘ríomhfhoghlaim’ don ‘fhoghlaim leictreonach’, rud a chiallaíonn ríomhaire a úsáid chun cúrsa nó cuid de chúrsa a chur ar fáil – ar scoil, mar chuid d'oiliúint éigeantach nó mar chúrsa iomlán cianfhoghlama. Bíonn cúrsaí ríomhfhoghlama ar fáil 24 uair, 7 lá na seachtaine, agus tugann siad saoirse iomlán don foghlaimeoir an staidéar a dhéanamh ar a luas féin. Seo iad buntáistí na ríomhfhoghlama don bhfoghlaimeoir:
- is féidir foghlaim ó áit ar bith;
- ní theastaíonn ach gléas leictreonach agus rochtain ar an idirlíon;
- ní bhíonn costais taistil i gceist de ghnáth;
- sábhálann siad am;
- is féidir na codanna is tábhachtaí a roghnú;
- is féidir oiliúint a fháil ar shlí sholúbtha;
- is cabhair iad na cluichí, míreanna fuaime agus físeáin.