Skip to main content
TAXEDU

Cáin, céard í féin?

 

Is éard is cáin ann an t-airgead a bhailíonn an rialtas agus a thugtar ansin do dhaoine a chónaíonn sa chathair nó sa tír chéanna, chun bóithre, scoileanna, páirceanna agus aon áit eile atá riachtanach dúinn a thógáil. Braitheann an méid cánach a bhailíonn an rialtas ar an méid airgid atá ag daoine.

Cén difear a dhéanann cánacha do mo shaol?

Gan cháin, bheadh i bhfad níos lú airgid ann chun íoc as na rudaí seo.
 

 

 

 

Cliceáil ar na gníomhaíochtaí thuas go bhfeice tú an chabhair a fuair siad ó chánacha.
músaem

Smaoinigh ar na pictiúir áille sin nó ar na samhlacha de dhineasáir. Conas is dóigh leat a íocann an músaem astu seo? Má ghearrtar táille isteach, is cabhair é sin. Ach ní leor é! Le hairgead cánach a íoctar an chuid eile, de ghnáth.

scoil

Nuair a théann tú ar scoil, úsáideann tú rudaí a thugann an múinteoir duit agus téann tú ag súgradh in áiteanna súgartha a thóg an scoil. Ach ní bheadh aon cheann acu ann gan cháin.

bus

Le hairgead cánach, leis, a íoctar as iompar poiblí amhail busanna agus traenacha faoi thalamh agus os cionn na talún.

lána rothar

Le hairgead cánach a íoctar na daoine a thógann lánaí rothar – agus na daoine a dhíolann an tarmac agus an phéint a úsáidtear orthu!

ospidéal

Bíonn a slí féin ag gach tír chun íoc as ospidéil. Ach bíonn airgead cánach ag teastáil i gcónaí, beagnach, chun íoc as an tógáil, na dochtúirí agus na haltraí agus chun trealamh costasach a cheannach chun beatha daoine a shábháil agus chun taighde a dhéanamh.

Cé a íocann cánacha?
De ghnáth, is daoine a bhfuil airgead acu a íocann cánacha.
Mar shampla, daoine atá ag obair, tugann siad cuid den mhéid a thuilleann siad don rialtas.
An íocann gnólachtaí cáin?
"Do bháicéir, do bhúistéir, an feirmeoir áitiúil agus úinéir do shiopa milseán, íocann siad AR FAD cáin!"
An íocann mo thuismitheoirí cáin?
Is ea, íocann siad cáin. Braitheann an méid airgid a íocann siad ar an méid airgid a thuilleann siad.
An íocaimse cáin?
Ar cheannaigh tú aon chluiche, milseán nó irisleabhar le deireanas? Má cheannaigh, d'íoc tú cáin!
Gearrtar 'Cáin Bhreisluacha' ar gach táirge agus seirbhís, nach mór. Feicfidh tú an méid cánach ar an admháil a fhaigheann tú tar éis íoc.

Cad a tharlaíonn mura n-íocaim cáin?

 

Tá daoine ann a dhéanann iarracht gan a gcuid cánacha a íoc. 'Calaois' agus/nó 'imghabháil' a thugtar air sin.

Samhlaigh é dá n-iarrfaí ar gach duine i do rang ceann de na cluichí is fearr leo a thabhairt don scoil, le gur féidir le gach leanbh é a imirt. Abair gur thug tusa cluiche isteach, ach nár thug leanaí eile aon chluiche isteach. Cad a cheapfá?

Nuair a íocann gach duine cáin, baineann gach duine tairbhe as.

Ar mhaith leat saol gan cháin?

 
Gan cháin ní bheadh an oiread céanna bóithre, ospidéal, scoileanna, músaem, leabharlanna poiblí ná busanna againn, ná an oiread céanna uisce glan, córais slándála, áiseanna cultúir, srl..

Ról an Aontais Eorpaigh

Tá 27 balltír san Aontas Eorpach. Tá a stair, a geografaíocht agus a cultúr féin ag gach ceann acu – agus a socruithe cánach féin.

Cé gurb í do thír féin a bhailíonn cáin agus a throideann in aghaidh calaois agus imghabháil cánach, cabhraíonn an tAontas le tíortha AE oibriú le chéile agus eolas a mhalairt.

 

Brandáil bhréige

(góchumadh)
 
 

Ba mhaith le hOilibhéar bróga nua a cheannach... is breá leis an branda ‘Pike’ thar aon bhranda eile.
Cabhraigh le hOilibhéar an cinneadh ceart a dhéanamh ar an áit lena chuid bróg a cheannach.

Téann sé go siopa 'Pike', €55 atá ar na bróga atá uaidh!
Deir a chara, Zora, leis, go bhfuil stainnín margaidh ann a dhíolann bróga atá beagnach mar an gcéanna ar €25!
Cad ba chóir d'Oilibhéar a dhéanamh?
-Na bróga a cheannach i siopa ‘Pike’?
-Éisteacht lena chara agus na bróga a cheannach ón stainnín margaidh?
Cad ba chóir d'Oilibhéar a dhéanamh?
-Má cheannaíonn sé na bróga ó stainnín margaidh gan ainm, níl Oilibhéar cinnte an fíorbhróga 'Pike' a bheidh aige, toisc go bhfuil an praghas an-íseal. Tá sé rómhaith le bheith fíor! Agus ní féidir leis a bheith cinnte go gcoimeádfaidh siad a chosa tirim agus teolaí, faoi mar a dhéanfadh fíorbhróga 'Pike'.
Cad ba chóir d'Oilibhéar a dhéanamh?
-Má cheannaíonn sé na bróga sa siopa ‘Pike’, is cinnte go bhfaighidh sé na bróga a bhí uaidh, agus beidh a fhios aige go mairfidh siad i bhfad agus go gcoimeádfaidh siad a chosa tirim agus teolaí.

Ba mhaith liom tuilleadh a fháil amach faoi cháin!

Cuir ceist ar do thuismitheoirí cad iad na cánacha a íocann siad agus cad í a dtuairim orthu. Ainmnigh gníomhaíochtaí nó áiteanna a n-íoctar astu le hairgead cánach.
Cad iad na heagraíochtaí a bhailíonn airgead cánach i do thírse?
Cuardaigh ar an idirlíon le fáil amach.
Bí ag faire amach do chánacha neamhghnácha i dtíortha éagsúla , cánacha a bhí ann uair amháin agus cánacha atá ann anois!