Fainic an Taobh Dorcha
Aidhm:
Beidh comhrá spéisiúil ag na foghlaimeoirí faoin nGeilleagar Dubh agus faoin tslí a mbaineann an Geilleagar Dubh an phingin dheireanach de réir a chéile as aon bhuiséad poiblí a mbíonn baint aige ionas go bhfágtar seirbhísí poiblí ar an ngannchuid.
Cuspóirí:
Is acmhainn úsáideach an ceacht seo ar féidir le múinteoirí é a mholadh mar ullmhúchán do rang ar Eitic. Is féidir liosta coincheap a sholáthar don fhoghlaimeoir, a chaithfidh siad a leanúint ó thús deireadh an cheachta, ar nós:
• Cad is Imghabháil Cánach ann agus conas is féidir liom é a sheachaint?
• Cad iad na torthaí a bhíonn ar "chleachtais amhrasacha cánach”?
• Conas a fhéachaim chuige gur íoc mé mo chuid cánach?
• Cad is Drogall i dtaca le Cánachas ann?
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
Cúrsa “Beware of the Dark Side” (Fainic an Taobh Dorcha)
Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
cánacha, cánachas, friotaíocht, imghabháil cánach, cleachtais chánacha
Is cáiníocóirí iad fíor-imreoirí
Aidhm:
Bíonn comhrá spéisiúil ag na foghlaimeoirí faoin tslí ar féidir leo a ngnó féin a thosú agus a choimeád ag imeacht, a gcuid cáin ioncaim agus díolúintí cánach.
Cuspóirí:
Is acmhainn úsáideach an ceacht seo ar féidir le múinteoirí é a mholadh mar ullmhúchán do rang ar Eitic. Is féidir liosta coincheap a sholáthar don fhoghlaimeoir, a chaithfidh siad a leanúint ó thús deireadh an cheachta, ar nós
• Cad iad na cánacha a íocann fiontraithe?
• Cad iad na díolúintí cánach a d'fhéadfadh a bheith ann?
• Conas cánacha a ríomh.
• Cé mhéad is féidir leat a thuilleamh mar chomhairleoir cánach déagóra?
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúíl ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
Cúrsa “True Players are Taxpayers” (Is Cáiníocóirí iad Fíor-imreoirí)
clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
Fiontraithe, cánacha, cánachas, comhairleoir cánach, díolúintí cánach
Cad a tharlaíonn mura n-íocann tú do chuid cánacha
Aidhm:
Ba chóir go mbeadh tuiscint ag foghlaimeoirí ar na míbhuntáistí agus na torthaí mura n-íoctar cánacha.
Cuspóirí:
• Sainaithin coincheap an 'Gheilleagair Dhuibh' faigh tuiscint air
• Mínigh céard atá i gceist le hearraí góchumtha agus cén fáth a ndéanann siad dochar don gheilleagar.
• Mínigh an fáth ar féidir le himghabháil cánach torthaí gan choinne a tharraingt ní amháin ar na daoine atá ag imghabháil na gcánach, ach ar dhaoine atá páirteach ina gcuid gníomhaíochtaí.
• Pléigh an tslí ar féidir le daoine cabhrú chun imghabháil cánach a chosc.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- is ábhar ginearálta amháin é agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
• Micrighearrthóg “What happens if you don’t pay your cánacha” (Cad a tharlaíonn mura n-íocann tú do chuid cánach?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
cánacha, geilleagar dubh, imghabháil cánach, tuilleamh
Conas a tháinig ann do chánacha?
Aidhm:
Ba chóir go dtuigfeadh foghlaimeoirí an tairbhe a bhaintear as cánacha a íoc. Ba chóir go bhfaighidís samplaí de chánacha luatha i stair na hEorpa.
Cuspóirí
• Sainaithin samplaí de chánacha luatha i stair na hEorpa agus de chánacha greannmhara ó thús aimsire.
• Mínigh cé atá i gceannas ar an airgead cánach ar fad.
• Ainmnigh duine a bhaineann tairbhe as cánacha a íoc agus cén tairbhe é sin.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine ná aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
• Micrighearrthóg “How did taxes come about?” (Conas a tháinig ann do chánacha?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir: cánacha, tairbhí, seirbhísí poiblí, seirbhísí náisiúnta.