Skip to main content
TAXEDU

Ná bí buartha! Íocann gach duine dínn cáin

Ná bí buartha! Íocann gach duine dínn cáin

Aidhm:
Beidh comhrá spéisiúil ag na foghlaimeoirí faoin gcéad phost, freagrachtaí, imghabháil cánach agus cánachas a fhéadann cabhrú leo sult níos mó a bhaint as a gcuid tuilleamh.

Cuspóiri:
Is acmhainn úsáideach an ceacht seo ar féidir le múinteoirí é a mholadh mar ullmhúchán do rang ar Eitic. Is féidir liosta coincheap a sholáthar don fhoghlaimeoir, a chaithfidh siad a leanúint ó thús deireadh an cheachta, ar nós:
   • Cad is ioncam roimh cháin ann?
   • Cad is ioncam iarchánach ann? 
   • Cathain is féidir déagóir a fhostú?
   • An mbíonn freagrachtaí fioscacha ar dhéagóirí?
   • Cén fáth a chaitheann cáiníocóirí dearbhú bliantúil fioscach a líonadh isteach?
   • Cad is díolúine chánach ann?

Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo: 
  - is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
  - ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
  - tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ábhair:
Cúrsa “Relax! (Ná bí buartha!) We all pay tax.” (Ná bí buartha! Íocann gach duine dínn cáin.)
Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD) 

Foclóir:
cánacha, cánachas, cáiníocóirí, freagrachtaí fioscacha, dearbhú fioscach, díolúine chánach

Return to resources list