An féidir le cáin cabhrú chun an comhshaol a chosaint?
Aidhm:
Ba chóir go dtuigfeadh foghlaimeoirí cad is cánacha comhshaoil ann agus conas a thacaíonn siad le cosaint an chomhshaoil.
Cuspóirí:
• Sainaithin na gníomhartha a dhéanann dochar don chomhshaol agus an tslí inar féidir iad a chosc.
• Mínigh cad is cánacha comhshaoil ann.
• Sainaithin na cineálacha cánach comhshaoil.
Maidir le hábhar an chúrsa oiliúna seo:
- is ábhar ginearálta amháin atá ann agus níl sé ceaptha díriú ar thosca aon duine nó aonáin ar leith;
- ní thugtar comhairle ghairmiúil ná comhairleoireacht dhlíthiúil ann;
- tá sé bailí ar dháta a fhoilsithe. Is féidir rátaí nuashonraithe CBL a sheiceáil ar EUROPA.
Ní mheastar mar reachtaíocht bharántúil ach reachtaíocht Aontais Eorpaigh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ábhair:
• Micrighearrthóg “Can taxes help protect the environment?” (An féidir le cánacha cabhrú chun an comhshaol a chosaint?)
• Clár bán idirghníomhach (nó díreach teilgeoir LCD)
Foclóir:
cánacha, comhshaol, truailliú