Skip to main content

Young Tax fraud and tax evasion ga

 

 

Calaois chánach agus imghabháil cánach

 

Nuair a shocraíonn duine nó cuideachta gan an cháin cheart a íoc, cailltear an t-airgead ó bhuiséid phoiblí. Tarlaíonn sé seo nuair a shocraíonn duine nó cuideachta:

faisnéis bhréige a chur ar fáil d'aon turas i ndearbhú cánach, nó méid níos lú ná an méid iomlán a íoc;

 

airgead a stóráil i gcuntais bhainc eachtracha gan é a thuairisciú ná cáin a íoc air;

'pleanáil chánach ionsaitheach' a dhéanamh trí leas a bhaint as teorainneacha an dlí chun billí cánach a íoslaghdú.

Cad é an toradh air sin?

Cuireann calaois chánach agus imghabháil cánach teorainn le cumas tíre chun airgead a bhailiú agus beartais eacnamaíocha agus sóisialta a chur i bhfeidhm. D'fhéadfadh ciorruithe ar chistiú do sheirbhísí poiblí amhail cúram sláinte nó oideachas leanúint as.

Mo rialtas agus an tAontas Eorpach

céard a dhéanann gach ceann acu?

Is faoi thíortha aonair atá sé calaois chánach agus imghabháil cánach a throid. Mar sin féin, agus an domhan ag éirí níos domhandaithe i gcónaí, cuireann an tAontas creat agus tacaíocht ar fáil chun déileáil le saincheisteanna cánach trasteorann. Éascaíonn reachtaíocht AE comhoibriú idir údaráis náisiúnta cánach, mar shampla.

Faigh amach conas a throideann an tAontas in aghaidh calaois chánach agus imghabháil cánach.

‘Tax Fraud and Tax Evasion EU: The missing part' (Calaois Chánach agus Imghabháil Cánach: An chuid atá ar iarraidh): féach ar an bhfíseán.

 

 

 

Góchumadh

 

Foghlaim conas táirgí bréige a sheachaint

Cinntíonn Cearta Maoine Intleachtúla (CMI) go bhfaigheann daoine luach saothair as iarrachtaí chun rudaí nua a chruthú agus go spreagtar infheistíocht i dtáirgí nua agus i dtáirgí níos éifeachtúla. Spreagann siad cruthú post i ngeilleagar faisnéisbhunaithe an lae inniu.

Déanann sáruithe CMI dochar de bhrí go laghdaíonn siad ioncam gnó agus rialtais, tachtann siad infheistíocht agus nuálaíocht agus cuireann siad bac ar fhás eacnamaíoch. Cailltear poist dá mbarr agus laghdaítear cruthú rachmais (Olltáirgeacht Intíre nó OTI). Anuas air sin, tá an baol ann go ndéanfaidh earraí a sháraíonn CMI dochar do thomhaltóirí, de bhrí gur lú seans go gcomhlíonann siad caighdeáin sláinte agus sábháilteachta.

Treoir ar líne maidir le conas earraí bréige a shainaithint.

Tá údaráis chustam Bhallstáit AE ar an líne thosaigh ó thaobh cosc a chur le hearraí a sháraíonn Cearta Maoine Intleachtúla (CMI) ó dhul isteach i margadh AE. Faigh amach tuilleadh faoi chreat reachtaíochta AE.

The real price of fake goods’ (An fíorchostas atá ar earraí bréige): féach ar an bhfíseán.