Mar shaoránach de chuid an Aontais, tá tú i dteideal cúrsa staidéir a dhéanamh in aon ollscoil AE (ar choinníoll go gcomhlíonann tú na riachtanais iontrála). Braithfidh cibé an mbeidh táille mic léinn le híoc agat ar an méid maoinithe a thugtar d'ollscoileanna as airgead cáiníocóirí na tíre sin. Mar shampla, ní ghearrtar aon táille as freastal ar ollscoil in Albain, ach san Iodáil, bíonn táillí le híoc (na hollscoileanna féin a shocraíonn méid na dtáillí).
Faigh amach tuilleadh faoi chóras gach tíre anseo.
An bhfuair tú an post a bhí uait? Comhghairdeas! Mar is eol duit, b'fhéidir, tosaíonn tú ag íoc cáin ioncaim, bunaithe ar d'ioncam, nuair a thosaíonn tú ag obair.
Féadfaidh an tír ina bhfuil cónaí ort chun críocha cánach cáin a ghearradh ar d'ioncam ó gach cearn den domhan, idir ioncam thuillte agus ioncam neamhthuillte. Áirítear air seo pá, pinsin, sochair, ioncam ó mhaoin nó ó aon fhoinse eile, nó gnóthachain chaipitiúla ó mhaoin a dhíol.
Sainmhíníonn gach tír cónaí chun críoch cánach ar a slí féin:
Is gnách féachaint ort mar chónaitheoir cánach sa tír ina gcaitheann tú os cionn sé mhí den bhliain;
Má chaitheann tú faoi bhun sé mhí i dtír AE eile, is gnách duit cónaí chun críoch cánach a bheith agat i do thír bhaile.
Faigh amach anseo conas a oibríonn cáin ioncaim, má chaitheann tú am i níos mó ná tír AE amháin.
Comhghairdeas! Tá níos mó fiontraithe de dhíth ar an Eoraip! Tá sé níos fusa anois ná mar a bhíodh cuideachta a bhunú san Aontas Eorpach. Ná gá ach na hoibleagáidí cánach a sheiceáil –uimhir CBL a iarraidh, mar shampla.