Cad iad Cearta Maoine Intleachtúla agus cad is góchumadh ann?
Ba mhaith le Tina éisteacht leis an albam nua ó Lady Lala.
Cad a mholfá di a dhéanamh?
- Dul go dtí an siopa agus an t-albam a cheannach;
- É a íoslódáil ó ardán dlíthiúil íoslódála;
- Dul chuig láithreán gréasáin faiseanta ar a mbíonn an ceol go léir saor in aisce, ar chuala sí faoi ó chara;
- Gan an t-albam a íoslódáil. Ba chóir do Tina éisteacht leis trí ardán dlíthiúil sruthaithe.
Má d'fhreagair tú ‘1’, ‘2’ nó ‘4’, is féidir leat a bheith cinnte go mbainfidh Lady Lala tairbhe as rogha Tina.
Má d'fhreagair tú ‘3’, gach seans gur chuir an láithreán gréasáin ceol Lady Lala ar fáil gan cead uaithi.
Ba mhaith le Tina na cluasáin agus an t-léine "Lady Lala" is déanaí a cheannach
Cad a mholfá di a dhéanamh?
- Dul chuig láithreán gréasáin Lady Lala agus na táirgí a cheannach ansin;
- Iad a cheannach ó stainnín margaidh ar inis a cara David di faoi; tá rudaí thar a bheith saor ann!;
- Dul chuig ceolchoirm Lady Lala i gceann dhá mhí agus na táirgí a cheannach ansin.
Má d'fhreagair tú ‘1’ nó ‘3’, is féidir leat a bheith cinnte go mbainfidh Lady Lala tairbhe as rogha Tina.
Má d'fhreagair tú ‘2’, gach seans gur earraí bréige iad an t-léine agus na cluasáin shaora ag an margadh.
Mar sin... cad is earra góchumtha ann, i mbeagán focal?
Táirge atá ina chóip de tháirge bunaidh (bróga spóirt, mar shampla) agus a dhíoltar ansin mar earra góchumtha. Ní éadaí amháin a bhíonn i gceist – is féidir le ceol, bogearraí, cógais, páirteanna do chairr agus d'eitleáin, bréagáin, earraí leictreonacha, srl. a bheith bréagach.
...agus cad mar gheall ar CMI?
De bhrí gur Lady Lala a dhéanann a cuid albam, meastar go 'mbaineann' an ceol léi. Sin an rud a dtugtar 'Cearta Maoine Intleachtúla' orthu.