Body
Cad is ‘calaois cánach’ ann?
Nuair a dhéanann daoine nó gnólachtaí iarracht go hintinneach a gcuid airgid a cheilt chun cáin a sheachaint, tugtar ‘calaois cánach’ air sin.
Cad is ‘seachaint cánach’ ann?
Nuair a dhéanann daoine caimiléireacht chun níos lú cánach a íoc, tugtar ‘seachaint cánach’ air sin.
Meastar go bhfuil caillteanais iomlána suas le €1 trilliún in aghaidh na bliana san AE!
(d’fhéadfá 40,000,000 carr a cheannach leis an airgead seo)
Cuireann calaois cánach agus seachaint cánach teorainn le cumas tíre airgead a bhailiú agus beartais eacnamaíocha agus shóisialta a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé sin ciallú gearradh siar ar mhaoiniú do sheirbhísí poiblí mar chúram sláinte nó oideachas, agus geilleagar níos moille.
Gaeilge