Faigh amach conas a mhaoiníonn cánacha seirbhísí poiblí riachtanacha agus cén fáth a bhfuil tábhacht le do ranníocaíocht.
Íocann gach duine cánacha. Mar shampla, íocann tú cáin nuair a cheannaíonn tú rud éigin i siopa, nuair a thuilleann tú tuarastal i do phost, nó nuair a bhíonn teach agat. Ní smaoineamh nua iad cánacha. Íocadh cánacha ó thús aimsire, agus tá cuid de na cánacha céanna á n-íoc againn fós. Mar shampla, in Impireacht na Sean-Rómhánach, d’íoc daoine Cáin Mhaoine, Dleachtanna Custam, Cáin Ghinearálta ar Dhíolacháin Earraí agus Cáin Oidhreachta. Tá leaganacha éagsúla de na cánacha sin fós á n-íoc ar fud thíortha AE inniu. Mar sin, cad iad cánacha agus cén fáth a n-íocaimid iad?
Cad is cáin ann?
Is ranníocaíochtaí éigeantacha coiteanna iad cánacha. Údaráis phoiblí is ea a ghearrann iad, chun íoc as seirbhísí poiblí. Baineann daoine de gach aois leas as na seirbhísí poiblí a mhaoinítear le cánacha, amhail ospidéil, scoileanna, bóithre poiblí, póilíní agus páirceanna poiblí. An féidir leat seirbhísí poiblí eile i do cheantar áitiúil a fhaigheann maoiniú ó chánacha a shainaithint?
Is minic a dhéanaimid talamh slán de go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil. Mura n-íocfadh daoine a gcuid cánach áfach, is iad na seirbhísí poiblí seo a bheadh thíos leis. Murar leor an maoiniú, nó mura mbeadh sé ann in aon chor, bheadh deireadh le seirbhísí áirithe, ach bheadh seirbhísí eile chomh costasach sin nach mbeadh sé ar chumas daoine íoc astu. Mar sin, tá sé tábhachtach go n-íocann gach duine a gcuid cánach ionas go mbeidh na seirbhísí seo ar fáil don uile dhuine.
Cé a rialaíonn an t-airgead a bhailítear ó chánacha?
Íoctar an t-airgead a bhailítear ó chánacha isteach sa bhuiséid náisiúnta nó áitiúil. I roinnt tíortha is é an buiséad náisiúnta a mhaoiníonn na buiséid áitiúla. I dtíortha eile, cuirtear cáin ar thithe agus ar ghluaisteáin i leith an bhuiséid áitiúil.
Bíonn oifigigh tofa freagrach as cinneadh a dhéanamh faoin áit a gcaithfear na buiséid áitiúla agus náisiúnta. Féadfar na hoifigigh seo a thoghadh orthu seo a leanas:
- Comhairlí áitiúla – áit a bhfuil comhairlí áitiúla ag bailte agus ag cathracha, a shocraíonn conas a úsáidfear an buiséad áitiúil. Déanann an chomhairle cinntí a rachaidh chun tairbhe dá bpobal áitiúil
- Parlaimintí – áit a gcinneann na parlaimintí náisiúnta conas a chaithfear an t-airgead sa bhuiséad náisiúnta. Déanann Feisirí Parlaiminte cinntí ar mhaithe leis an tír ar fad.
Níl ról díreach ag an Aontas i mbailiú cánach, i socrú rátaí cánach, ná i gcinntí faoin tslí a chaithfear buiséid áitiúla nó náisiúnta a chuid Ballstát. Mar sin féin, déanann an tAontas maoirseacht ar rialacha cánach náisiúnta i réimsí áirithe. Déantar é seo lena chinntiú nach dtugtar buntáistí éagóracha do ghnólachtaí i gcomparáid le gnólachtaí i dtír eile, agus nach ndéantar idirdhealú i measc tomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí de bharr cánacha tír AE eile. Oibríonn an tAontas, leis, chun an margadh aonair a chosaint. Sa mhargadh aonair, is féidir earraí agus seirbhísí a thrádáil gan bhac trasna teorainneacha laistigh den Aontas.
Soláthraíonn Eurostat, oifig staidrimh an Aontais Eorpaigh, faisnéis ar a shuíomh gréasáin maidir lecaiteachas rialtais i gcás Bhallstáit an Aontais, trína bhfeicfidh tú miondealú den chaitheamh, de réir tíre agus de réir catagóire. Tá a suíomhanna gréasáin féin ag roinnt tíortha freisin chun caiteachas poiblí agus leithdháileadh poiblí a thaispeáint.
Ireland: https://www.whereyourmoneygoes.gov.ie/ga/
An tSlóivéin: https://proracun.gov.si/
San Iodáil, cuireann Gníomhaireacht Ioncaim na hIodáile tuarascáil agus achoimre ar fáil do cháiníocóirí ina mínítear an tslí a caitheadh cánacha le bliain anuas.
Cuireann an fhaisnéis seo an trédhearcacht chun cinn, agus léiríonn sé don phobal cá mhéad agus cá háit a chaith an rialtas an t-airgead.
Cá bhfaighinn tuilleadh eolais?
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcánachas san Aontas, féach rogha na n-ábhar oideachais atá ar fáil ar láithreán gréasáin TAXEDU.