ENRanna, fondúireachtaí, bronntanais charthanacha
I dtíortha áirithe, nuair a thugtar airgead d'eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), d'fhondúireachtaí nó do charthanais – sa raon ó eagraíochtaí a mhaoiníonn taighde leighis go heagraíochtaí a chothabhálann foirgnimh oidhreachta – is féidir leat faoiseamh cánach a fháil.
Tá an Bheilg agus an Rómáin i measc na dtíortha sin inar féidir leat bronntanais charthanacha a lua ar do dhearbhú cánach ag deireadh na bliana. Aisíoctar leat cuid den airgead a bhronn tú (ar choinníoll gur ar charthanas cláraithe a bhronn tú é).