Cáin, céard í féin?
Is éard is cáin ann an t-airgead a bhailíonn an rialtas agus a thugtar ansin do dhaoine a chónaíonn sa chathair nó sa tír chéanna, chun bóithre, scoileanna, páirceanna agus aon áit eile atá riachtanach dúinn a thógáil. Braitheann an méid cánach a bhailíonn an rialtas ar an méid airgid atá ag daoine.
Seo na daoine a íocann cáin:
- - daoine atá ag obair nó a fhaigheann airgead ar shlí éigin eile: 'cáin ioncaim' a thugtar air sin’;
- - daoine a bhfuil maoin acu: 'cáin mhaoine' a thugtar air sin’;
- - gnólachtaí: 'cáin chorparáide' a thugtar air seo’;
- - daoine a dhéanann rudaí a bhfuil drochthionchar acu ar an gcomhshaol: 'cáin chomhshaoil' a thugtar air seo;
- - daoine a fhaigheann airgead nó maoin le huacht tar éis do dhuine eile bás a fháil: 'cáin oidhreachta' a thugtar air sin;
- - daoine a cheannaíonn táirgí nó seirbhísí: 'Cáin Bhreisluacha' (CBL) a thugtar air seo.
Cén difear a dhéanann cánacha do mo shaol?