Fíricí agus figiúirí ó áiteanna éagsúla san Aontas Eorpach
- In 2015, ba ionann an t-ioncam cánach (ranníocaíochtaí sóisialta san áireamh) sna 28 tír AE agus 40 % den Olltáirgeacht Intíre (luach airgeadaíochta gach earra críochnaithe agus seirbhís a tháirgtear laistigh de theorainn tíre laistigh de thréimhse ama ar leith), agus as cáin a tháinig timpeall 89 % d'ioncam iomlán rialtais.
- San Eoraip, bhí an coibhneas idir ioncam cánach 2015 agus OTI ab airde ag an Fhrainc (47.9 % den OTI), ansin ag an Danmhairg (47.6 %) agus an Bheilg (47.5 %). Ag Éirinn (24.4 %), an Rómáin (28.0 %), an Bhulgáir (29.0 %), an Liotuáin (29.4 % ), an Laitvia (29.5 %) agus an Eilvéis (28.1 %) a bhí na sciartha ab ísle. Faigh na torthaí i gcás gach tír Eorpach anseo.
- Athraíonn ioncam ó cháin ó bhliain go bliain. Is iad na príomhchúiseanna leis sin athruithe ar ghníomhaíocht gheilleagrach (leibhéil fostaíochta, díol earraí agus seirbhísí, srl.) agus ar reachtaíocht chánach (rátaí cánach, an bonn cánach, tairsí, díolúintí, srl.).
- Bhí tionchar ollmhór ag an ngéarchéim eacnamaíoch – agus ag na bearta a rinneadh faoin mbeartas fioscach – ar leibhéal agus comhdhéanamh an ioncaim ó cháin idir 2009-2015. B'éigean do thíortha áirithe caiteachas a laghdú dá réir.
- Íocann tú cáin nuair a cheannaíonn tú ticéad i gcrannchur náisiúnta! Tá cáin curtha ag tíortha áirithe, an Iodáil, mar shampla, ar thicéid chrannchuir.