Fíricí agus figiúirí ó áiteanna éagsúla san Aontas Eorpach
- In 2015, ba ionann ioncam cánach (lena n-áirítear ranníocaíochtaí sóisialta) i dtíortha AE agus 40 % den Olltáirgeacht Intíre, agus is ó cháin a tháinig timpeall 89 % d'ioncam iomlán rialtais.
- San Eoraip, bhí an coibhneas is airde idir ioncam cánach 2015 agus OTI ag an bhFrainc (47.9 % den OTI), ansin ag an Danmhairg (47.6 %) agus an Bheilg (47.5 %). Ag Éirinn (24.4 %), an Rómáin (28.0 %), an Bulgáir (29.0 %), an Liotuáin (29.4 %), an Laitvia (29.5 %) agus an Eilvéis (28.1 %) a bhí na sciartha ba lú.
- Athraíonn ioncam cánach ó bhliain go bliain. Is iad na príomhchúiseanna leis sin athruithe ar ghníomhaíocht gheilleagrach (leibhéil fostaíochta, díol earraí agus seirbhísí, srl.) agus ar reachtaíocht chánach (rátaí cánach, an bonn cánach, tairsí, díolúintí, srl.). Bíonn toradh acu sin ar bhuiséad caiteachais an rialtais.