Skip to main content

Teenager What is tax? ga

Cad is cáin ann?

Tá cineálacha éagsúla cánacha ann, ach is é an rialtas i gcónaí a bhailíonn an t-airgead seo ó dhaoine agus ó ghnólachtaí. Úsáidtear an t-airgead seo ansin chun áiseanna agus seirbhísí ar leith a mhaoiniú, mar shampla ospidéil, scoileanna, músaeim, leabharlanna, srl.

An fáth gur rud maith é cáin a íoc

  •  
  •  
  •  

a shocraíonn na rátaí cánach?

  •  
  •  
  •  

Cad iad na cánacha a íocaimid?

  •  
  •  
  •  
 

Is iad na polaiteoirí tofa i do thír féin, a thagann le chéile i bparlaimint, a shocraíonn an méid cánach a íocfaidh tú. De bhrí gurb iad ionadaithe na ndaoine a shocraíonn saincheisteanna cánach agus mar sin de, bíonn dlisteanacht chánach ann. Is féidir le polaiteoirí rátaí cánach agus socruithe cánach eile (ar a dtugtar na 'boinn chánach') a athbhreithniú agus a athrú.

Faigh amach cé a shocraíonn na rudaí a ngearrfar cáin orthu i do thírse.
Féach do láithreán gréasáin náisiúnta cánach.

 
 

Cánachas pearsanta
Nuair a thosaíonn tú ag obair agus nuair a shroicheann do thuarastal leibhéal áirithe, bíonn ort 'cáin ioncaim' a íoc. Bíonn an méid cánach bunaithe ar an méid a thuilleann tú, agus bíonn sé difriúil ó thír go tír.

Sa Bheilg, mar shampla, is é 45 % an ráta cánach ioncaim má thuilleann tú idir €20 600.01 agus €37 750 sa bhliain. San Ostair, is é 43.2 % an ráta cánach ioncaim má thuilleann tú idir €25 001 agus €60 000. In Éirinn, is é 20 % an ráta cánach má thuilleann tú suas go €33 800 sa bhliain, ach is é 40 % an ráta má thuilleann tú os cionn €33 800.
 

Cáin mhaoine
Má tá teach, árasán, foirgneamh nó talamh ag duine nó má fhaigheann siad le huacht é, tá maoin acu. Bíonn ort cáin a íoc ar mhaoin i ngach tír AE, más leatsa an mhaoin.

 

Cáin chorparáide
Bíonn cáin do chuideachtaí — a dtugtar cáin chorparáide air, leis — le híoc ag cuideachtaí, clubanna, comharchumainn agus cumainn neamhchorpraithe ar an mbrabús a dhéanann siad. Údaráis náisiúnta a shocraíonn na rialacha agus ní hionann na rialacha i ngach tír.

 

Cáin chomhshaoil
Díríonn sí seo ar thruailliú. Dá airde an cháin a bhíonn le híoc agus táirgí truaillitheacha á gceannach nó á n-úsáid, is lú an seans go gceannóidh nó go n-úsáidfidh tú iad. Mar sin díspreagann an cháin iompraíocht a dhéanfadh dochar don chomhshaol. Cuirtear an cháin seo i bhfeidhm, go hiondúil, ar tháirgí fuinnimh, mótarfheithiclí, truailliú aeir agus uisce, srl.

 

Cáin tomhaltais, Cáin Bhreisluacha (CBL)
Tá rátaí caighdeánacha CBL ag an Aontas Eorpach, ach is féidir le tíortha iad seo a chur i bhfeidhm faoi mar is rogha leo. Is gnách CBL a íoc ar gach earra agus seirbhís.

 

Íocann tú cáin gach uair a cheannaíonn tú rud ar líne agus gach uair a thaistealaíonn tú
. Is gnách cead a bheith ag taistealaithe earraí suas go luach nó méid áirithe a thabhairt isteach ina dtír féin. Dleacht a thugtar ar an gcáin a ghearrtar ar rud ar bith os cionn na teorann sin.

Má cheannaíonn tú earraí ar líne ó thír eile, is féidir go mbeidh ort dleacht chustam a íoc, ag brath ar cá háit ar cuireadh na hearraí sa phost.

     Ní ghearrtar dleachtanna custam ar earraí a thagann ó laistigh den Aontas Eorpach. Má cheannaíonn tú táirge ó thír nach tír AE í, is iompórtálaí thú sa chás sin. Ciallaíonn sin go gcaithfidh tú dleacht mháil agus chustaim a íoc, chomh maith le CBL.



 

 

Is fíor go raibh uair ann nuair nár íocamar cáin. Ach ba shin ré na bhfear pluaise! Thiar ansin, b'éigean do dhaoine a líon tí a chosaint, teach a thógáil agus a lán eile a dhéanamh le cois – agus gan aon tacaíocht.

Ó fhiagaí cnuasaitheoirí go lucht cathracha

De réir a chéile, thosaigh daoine ag maireachtáil le chéile i sráidbhailte, ansin i gcathracha. Chuir siad ‘conradh sóisialta’ ar bun, chun soláthar a dhéanamh do thacaíocht pobail.

I gceist sa tacaíocht seo bhí bóithre a thógáil, leanaí a mhúineadh, aire a thabhairt dóibh siúd atá breoite – na rudaí go léir a dhéanann an saol níos fusa orainn ar fad. Chun íoc as na seirbhísí seo, caithfidh gach duine a chion a dhéanamh, agus is trí cháin a íoc a dhéantar é.

D'fhéadfaí cáin a íoc a chur i gcomparáid le dul ar saoire le cairde.

An ndeachaigh tú ar saoire le cairde riamh?

An ndeachaigh tú ar saoire le cairde riamh? An chéad uair eile, iarr ar gach duine méid áirithe airgid a chur i muicín taisce agus úsáid an t-airgead bailithe seo do chostais cosúil le bia, a bhaineann libh ar fad. Tá sé seo i bhfad níos fusa ná bheith ag iarraidh a dhéanamh amach cé mhéad atá le híoc ag gach duine tar éis gach béile nó turas chuig an siopa bia! Díreach mar an gcéanna, bailíonn do rialtas airgead chun saol an tsaoránaigh a dhéanamh níos simplí.