Skip to main content
TAXEDU

Bealach a aimsiú trí lúbra fostaíochta an Aontais


Féachaimis ar chruacheist na bhfostaithe i gcomórtas le daoine féinfhostaithe

‘An fostaí nó duine féinfhostaithe thú?’ Shílfeá gur ceist shimplí í seo, b’fhéidir. Fostaí is ea duine a oibríonn d’fhostóir, i gcomórtas le duine féinfhostaithe a oibríonn dó féin. Mar sin ní deacair an cheist seo a fhreagairt, go hiondúil. Ach is féidir leis an bhfreagra a bheith dúshlánach i gcásanna áirithe. I dtíortha ar fud an Aontais, tugadh easaontas faoi stádas fostaíochta daoine os comhair na cúirte. Cuireadh na ceisteanna seo ar aghaidh lena socrú chuig Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa.

Pléifimid san alt seo an tábhacht a ghabhann le do stádas fostaíochta. Leagfaimid amach roinnt de na tosca trínar féidir an fhostaíocht a idirdhealú ón fhéinfhostaíocht.

Fostaithe i gcomórtas le Féinfhostaithe Cén tábhacht atá leis?

Is féidir leis an difear idir bheith i d’fhostaí nó i do dhuine féinfhostaithe a bheith iltaobhach, casta agus uaireanta is cnámh spairne é.

Déanfaidh do stádas mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe difear do do chearta oibre. Thar na blianta, d’eisigh an tAontas roinnt Treoracha do Bhallstáit AE, a chlúdaíonn raon leathan réimsí amhail uaireanta oibre fostaithe, saoire le pá, agus sláinte agus sábháilteacht sa timpeallacht oibre. Sampla de na Treoracha seo is ea an Treoir AE um Am Oibre (2003/88/CE), a cheangail ar Bhallstáit AE, i measc nithe eile, ceithre seachtaine ar a laghad de shaoire bhliantúil le pá a ráthú d’fhostaithe. Cabhraíonn na Treoracha seo le cearta áirithe a ráthú d’fhostaithe ar fud an Aontais.

Chomh maith le do chearta oibre, beidh tionchar ag do stádas fostaíochta ar do fhreagrachtaí, lena n-áirítear do fhreagrachtaí mar cháiníocóir. Mar shampla, mar fhostaí, tá d’fhostóir freagrach as do chánacha fostaíochta a ríomh agus a sheoladh chuig na húdaráis chánach. Ach, más duine féinfhostaithe tú, is tú atá freagrach as do chánacha a ríomh agus a sheoladh chuig na húdaráis chánach. Féadfaidh na rialacha cánach maidir le hioncam fostaíochta agus ioncam féinfhostaíochta a bheith difriúil idir bhallstáit AE. Mar sin, ní mór duit do stádas fostaíochta a bheith ar eolas agat ionas gur féidir leat a chinntiú go n-íoctar do chánacha i gceart.

An Fostaí nó Duine Féinfhostaithe mé?’

Tá go leor cásanna fostaíochta ann d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Má tá éiginnteacht ann faoi cé acu an fostaí nó duine féinfhostaithe an duine, ní mór féachaint ar gach cás ina aonar. Go ginearálta meastar duine mar fhostaí más é an fostóir

  • a chinneann:
    • áit a ndéanfar gníomhaíocht an duine (ionad oibre)
    • an líon uaireanta sa lá a oibríonn an duine (uaireanta oibre)
    • an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an duine bunaithe ar riachtanais ghnó na cuideachta
    • conas a dhéanfar an ghníomhaíocht agus tabharfaidh sé treoracha don duine
  • a iompraíonn an riosca i leith ghníomhaíochtaí na cuideachta.

 

Meastar duine mar dhuine féinfhostaithe más amhlaidh

  • gurb é/í féin a shocraíonn:
    • áit a ndéanfar a ngníomhaíocht (ionad oibre)
    • an líon uaireanta sa lá is mian leo oibriú (uaireanta oibre)
    • an ghníomhaíocht a dhéanfaidh siad bunaithe ar riachtanais ghnó na cuideachta
    • conas a dhéanfar an ghníomhaíocht
  • gurb é/í a iompróidh an riosca do na gníomhaíochtaí a dhéantar
  • gur féidir leo daoine eile a fhostú le dul i mbun oibre dóibh nó cabhrú leo.

Anuas air sin, tá tosca áirithe ann is féidir a chur san áireamh agus stádas fostaíochta á chinneadh, ag brath ar an gcás féin.

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais?

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhostaíocht agus faoi chánachas san Aontas, féach rogha na n-ábhar oideachais atá ar fáil ar láithreán gréasáin TAXEDU.

Language
Gaeilge