Skip to main content
TAXEDU
Taxlandia

Bain sult as ár gcluiche ionsamhlaithe oideachasúil ina ndéantar oideachas cánach a mhíniú agus a chur chun cinn! In Taxlandia atá tú anois, stát bídeach Eorpach ina bhfuil sléibhte áille agus lochanna geala gorma. Bhí an-tóir ag turasóirí air mar cheann scríbe nuair a bhí borradh faoin ngeilleagar ach de bharr a laghad cánach a ghearrtar ann, tá Taxlandia i ngéarchéim anois nach bhfacthas riamh cheana. D'aistrigh mórchuid cuideachtaí a gceannárais amach as an tír, tháinig meath ar an turasóireacht. Anuraidh, d'fhógair an rialtais go raibh ardú cánach beartaithe mar bheart amháin chun an ghéarchéim seo a mhaolú. Níorbh fhada go raibh "éirí amach cánach" neamhoifigiúil ann.
TUSA atá ceaptha anois mar Phríomh-Aire nua Taxlandia! Ní mór duit tosú ag déanamh cinntí faoi chánacha, chun aire a thabhairt do do shaoránaigh, bonneagar nua a thógáil agus tacú le forbairt leanúnach na tíre. Go n-éirí leat!

AICSEAN DEN SCOTH
  • Tuill scóir arda agus tú ag fáil réiteach ar cheisteanna crua éagsúla
  • Sábháil cathracha ó thubaistí nádúrtha agus ó dhroch-infheistíochtaí
  • Cuir an sonas agus an leas faoi réim arís in Taxlandia

Agus sin á dhéanamh agat, faigh tuiscint ar mheicníochtaí cánach agus ar an tslí a mbailítear cánacha.

DÚSHLÁNACH AGUS TAIRBHEACH
Is cluiche oideachasúil é seo ina bhfuil aicsean go leor, radhairc 3T agus carachtair ghreannmhara, mar aon le sársheisiún teagaisc a chabhraíonn leis an imreoir na cinntí is fearr a dhéanamh.
Mar sin féin, baineann riosca le gach gnó ach féadfaidh an luach saothair ar infheistíochtaí chliste a bheith mór! Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh an tír a bheith ina raic má theipeann ort. Déarfaidh daoine leat éirí as!
Bí in éineacht leis na mílte foghlaimeoirí agus daoine ina gcéad phost ar mhaith leo foghlaim faoin ngeilleagar agus faoi chánacha agus iad ag imirt!
GAISCÍ
  • Faigh an lámh in uachtar ar an gcoiriúlacht agus ar an truailliú i do thír féin trí infheistiú i ranna póilíní ardteicneolaíochta, i bhfoirgnimh chliste riaracháin agus in áiteanna móra fóillíochta sna cathracha
  • Méadaigh an fhostaíocht le hinfheistíochtaí cliste agus coimeád súil ar shonas do phobail. Ach bí cúramach! Nuair a éiríonn daoine míshona, tosaíonn siad ag caitheamh anuas ar na húdaráis.
LEIDEANNA AGUS NODA
  • Ní furasta bheith i do Phríomh-Aire, sin an fáth a mbeidh treoraí agat ó thús deireadh an chluiche.
  • Go leor leideanna agus míniúchán agus gluais téarmaí sothuigthe ar féidir leat é a úsáid sa rang, leis
  • Trí leibhéal dheacrachta, bunaithe ar aois: 9-12 bhliain d'aois, 13-17 mbliana d'aois, 18-25 bliain d'aois
ARDÁIN
  • Android 4.3+
  • iOS 6+
  • Windows 8+
  • HTML5
LEAGANACHA TEANGA
  • Béarla
  • Rómáinis
  • Fraincis
  • Iodáilis
  • Cróitis
  • Bulgáiris
  • Eastóinis
  • Ollainnis
  • Seicis
  • Gearmáinis
  • Gréigis
  • Ungáiris
  • Danmhairgis
  • Laitvis
  • Liotuáinis
  • Polainnis
  • Slóvaicis
  • Portaingéilis
  • Spáinnis
  • Sualainnis
  • Fionlainnis
  • Slóivéinis

Féach ár láithreán gréasáin: http://europa.eu/taxedu
CHUN FADHB A THUAIRISCIÚ
Chun fadhb a thuairisciú nó moltaí maidir le feidhmchlár TAXLANDIA a fháil, líon isteach an fhoirm theagmhála thíos.

Foirm theagmhála